Éiníní

Ten utwór znajdziesz na płycie Suantrai, struna snu

Éiníní a chroí 'stigh, codlaígí fén droighneach,
Ní baol díbh aon díth 'nocht, an cat buí ná a hál.
Ní baol ná an síofra cois leasa na luí dhó,
Ná an dobarchú thá cíocrach thíos ar an dtráigh.

Codlaígí, éiníní, smólíní, céirsíní,
Codlaígí éiníní sa chlaí 'muigh go sámh,
Codlaígí éiníní, smólíní, druidíní,
Codlaígí dá bhrí sin, codlaígí go lá.

Éiníní a chroí 'stigh, codlaígí fén droighneach,
Ní baol daoibh na daoine thá 'na gcodladh go sámh.
Ní baol ná aon draoireacht agus mise bhur gcoimhdeacht.
Codlaígí dá bhrí sin, codlaígí go sámh.

Codlaígí, éiníní, smólíní, céirsíní,
Codlaígí éiníní sa chlaí 'muigh go sámh,
Codlaígí éiníní, smólíní, druidíní,
Codlaígí dá bhrí sin, codlaígí go lá.