A Shíle bhán na bpéarlai a chéad-shearc nár fhulaing gruaim
D’fhág tu m’intinn buartha, id’dhiaidsha ní bheidh mé buan
Muna dtige tú do m’féachaint, ‘s éalú liom fá ghleannta cuain
Beith cumha is tuirse id’dhiadh orm, is beidh mo chroí chomh dubh le gual
Tugtar chuighainn na fíonta agus liontar dhúinn an ghloine is fearr
Muna bhfaghad fhéin cead sínte le minchnis as bhrollaigh bháin.
A phlúr is gile is is mine ná an síoda is ná clúmhach na n-éan,
Is buartha tuirseach ‘bhimse nuair a smaoinim ‘bheith ‘searúint léi.
Dhá mbeinnse fhéin is mínchnis caoinmhéar an bhrollaigh bhreá
I ngleanntán aoibhinn aerach ó thitim oíche go n-éireodh lá
Gan neach ‘bheith ‘n ár geoimhdeact ach cearca fraoigh nó an coileach feá
‘S go mbeadh greanna gan cham im’ chroí istigh do Shíle Ní Chonnalláin
Utwór przypisywany harfiarzowi Thomasowi Connellanowi (1640/45-1698), który napisał go z okazji ślubu swojej siostry, Sile.
You must be logged in to post a comment.