Seabhac na hÉirne

Siúd í an féirín dea-mhná is áille
Ó Chonair Uí Raghallaigh go Sléibhte Uí Mháille
An rí-bhean óg is milse póg
Ar Iníon Uí Mhórdha a thráchtaim
Gaol na mbrí-bhfear láidir
Is fada go leagfadh sí cíos ar cairde
Planda an tséin is na réidh-bhfolt daite
Is tú atáim a rá anois

Nárbh aoibhinn don té a bheadh á caidreamh
Gé ag na gcuachfolt fáinneach
Siúr a rithe aníos ó Theamhair
‘Shiolraig ó Chonall Chearnach
Molam tú féin an réim seao a ghlacadh
Aon-mhic thapaidh Mhánais
Seabhac na hÉirne is Bhéal Átha Seanaidh
Is mian croí gach óg-mhná

‘Sé an sneachta bhí i lár do chléibh a chlóigh mé
A chiúin-bhean bhéasach a réab na mílte
Croí gan chruas tá lán den trua
Agus líonta suas de chaoin-mhaith
A ghile gan ghruam gan mhístaid
A mhilis-bhean uasal chaoimhiúil
Rachad insan uaigh mar ba dual do m’aicme
Mara dtige tú seal go dtí mé

Tá a coim gléigeal mar an eala
Ag éirí insan snámh
‘S a folt craobh-glasa ag fás go talamh
‘S a mbarr ag casadh i bhfáinní
Thug sí barr scéimhe ar mhná na cruinne
Ó Venus is ó Dheirdre
‘S’e shílim féin gurb í réalt na maidine í,
‘S go mbíonn gach duine i ngrá léi.